Lá spóirt lúthchleasaíocht-Cumann na mBunscol
Ghlac roinnt pháistí ó Rang 2- Rang 6 páirt i Lá spóirt lúthchleasaíocht de Chumann na mBunscol i Seantrabh an tSeachtain seo. Ghlac siad pháirt i rásaí 600m, ráscanna ráibe, cliathrás agus rásaí sealaíochta. D'éirigh go hiontach leis na páistí go léir agus tá muid an- bródúil astu. Comhghairdeas le cailíní rang a 6 a tháinig sa chéad áit sna rásaí sealaíochta agus a thug corn abhaile leo.
Lá 1
Lá 2
Community Games
Peil Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra
Beidh tuismitheoirí Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra ag teacht le peil a mhúineadh dos na Naíonáin gach Aoine. Thosaigh na páistí air an tseachtain seo chaite agus bhain siad an- taitneamh as. Míle buíochas dos na tuismitheoirí go léir. |
|
Lá uisce domhanda
In éineacht leis an gcoiste glas agus na Náisiúin Aontaithe ghlac na páistí páirt sa siúl Lá uisce domhanda ar an 22ú Márta. D'éirigh leis na páistí 6.1km a rith ag iompar 6 litir de uisce. Bhí gach rang ag foghlam faoin uisce agus an tábhacht a bhaineann le caomhnú uisce. Tuilleadh eolas le fáil ar an suíomh:
10@10
Ar an Aoine 10ú Feabhra ghlac na páistí páirt sa bhfeachtas 10@10 eagraithe ag Operation Transformation. Shocraíomar ar damhsa a dhéanamh le Naíonáin Bheaga go Rang a 6 ag damhsa le físéan eagraithe ag an gCoiste Gníomhach. Bhain na páistí ó gach rang an-taitneamh as an lá agus an rince. Seo físéan de na páistí go léir ag baint taitneamh as. Brúigh ar an cnaipe "Físéan 10@10" chun breathnú air.