Scipéal Francach sa chlós
Coláiste Uisce
Chaith Rang 6 dhá Oíche i gColáiste Uisce i gContae Maigh Eo. Ghlac siad pháirt in an- cuid imeachtaí spórt ar talamh agus san uisce. Bhain siad an- taitneamh as ar fad!
An Cháisc
D'eagraigh an choiste gníomhach toraíocht taisce don scoil i bPáirc Belgrave don Cháisc. Bhí uibheacha i bhfolach timpeall na páirce agus bhí ar gach fhoireann a chuid uibheacha a bhailiú. Bhain na páistí an- taitneamh as agus comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir.
Lá Fhéile Phádraig
Chun deireadh a chur le Seachtain na Gaeilge agus céilúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Phádraig bhí céilí ar siúl againn sa chlós. Rinne gach rang an damhsa "An dreolín". Brú ar an cnaipe "Físeán-an Dreolín" chun breathnú ar an bhfíseán
Seachtain na Gaeilge
Bhí coicís na Gaeilge ar siúl idir an 1ú agus 17ú Márta. Is ócáid mór í Seachtain na Gaeilge sa scoil. Is ceiliúradh é ar an nGaeilge. Bhí an- cuid imeachtaí ar siúl againn don coicís. Ina measc bhí céilí agus damhsa pop gaelach ar siúl againn. Bhain gach rang idir pháistí agus múinteoirí an- taitneamh as.
Tús leis na hiománíochta
Tá tús á chur leis na hiománaíochta don chéad uair i Lios na nÓg. D'úsáid muid an t-airgead ón lá scipéala chun roinnt clogaid agus camáin a cheannach. Bhí slua mór ag an traenáil agus bhain gach duine an- taitneamh as.Tá muid ag súil go mór leis an téarma.
An Nollaig
Páirc an Chrócaigh
Ar an 8ú lá Samhna chuaigh foireann na gcailíní ó Gaelscoil Lios na nÓg go dtí Páirc an Chrócaigh. Mí- áth le foireann na mbuachaillí a chaill sa cluiche ceathrú ceannais . Bhí na cailíní ag imirt i gcoinne Gaelscoil Chnoc Liamhna. Bhí seans again gleasadh i seomra gleasta imreoirí Baile Áth Cliath . Bhí sceitimíní ar an bhfoireann ar fad . Bhí muid ag obair go crua ar an bpáirc . Bhí an scoil ag tabhairt tacaíacht mór dúinn . Bhí an atmosphéir ar fheabhas ar fad . Tá 38 cailíní ar an painéil ó rang a 4 go dtí rang a 6 . Déanann na bainisteoirí iarracht gach cailín a imirt. Bhí seans ag gach cailín ó rang a 6 imirt in bPáirc an Chrócaigh . Tá trúir bainisteoir iontach againn . June, Múinteoir Aoife agus Múinteoir Treasa .Sa chéad leath bhí muid an- láidir.Bhuaigh muid gach cic amach agus fuair muid neart cúl agus pointí . Sa dara leath bhí muid tuirseach agus bhí Cnoc Liamha ag scórail níos mó pointí, ach go tobann tháinig muid ar ais agus fuair muid cúl agus cúpla pointe. Nuair a shéid an réiteoir an fheadóg bhíomar an-sásta gur bhuaigh muid . Croith muid lámha leis an bhfoireann eile . Bhí muid ar bís . Don chéad uair i stair na scoile bhuamar corn Cuma na mBunscoile i Lios na nÓg . Beidh an corn againn ar feadh blian amháin . Tá súil again go mbeidh an bua againn arís an bhlian seo chugainn . Bhí an-craic agus spraoi againn an bhlian seo.
Le Sadhbh ní Chuanaigh agus Ella ní Mhaolabhail ní hAodh ( Imreoirí R6)
Tuilleadh pictúirí: www.flickr.com/photos/cnmb_ath_cliath/sets/72157676471476705/
Le Sadhbh ní Chuanaigh agus Ella ní Mhaolabhail ní hAodh ( Imreoirí R6)
Tuilleadh pictúirí: www.flickr.com/photos/cnmb_ath_cliath/sets/72157676471476705/
Ióga
|
|
Lá Ghníomhach Oiche Shamhna
Ar lá na laetha saoire bhí lá gníomhach Óiche Shamhna ar siúl ag an scoil ar fad. D'oibrigh an Choiste Gníomhach go crua ag eagrú imeachtaí do gach rang. Bhí cluichí babhláil, gailf. caith fáinne,caith pumpcín, discó Oíche Shamhna agus toraíocht úlla ar siúl. Bhí an-spórt ag na páistí agus bhain siad an- taitneamh as an gleasadh suas! Féach ar ár taispéantas sleamhnán thíos!
Lá scipéala
Bhí lá scipéala ar siúl againn ar an Déardaoin. Bhí sprioc 7,000 léim againn. D'éirigh leis na páistí 11,000 léim a fháil agus breis is €2,000 a bhailú chun ferais spórt nua a cheannacht don scoil! Comhghairdeas leis na páistí go léir ach go háirithe leis na froganna feabhsaithe agus Scipí an cangarú ó gach rang. Féach ar ár taispéantas sleamhnán thíos!